Skip to content
All audio

Tá mé mo shuí/2017-08-29

download audio

Words and tune: traditional, arranged by me (words slightly modified)

Tá mé mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir
Ag cur tine síos gan scíth 's á fadú go géar
Tá bunadh an tí 'na luí 's tá mise liom fhéin
Tá na coiligh ag glaoch ‘s tá an saol ina gcodladh ach mé

mo Sheacht mh'anam déag do bhéal do mhalaí 's do ghrua
Do shúil liath ghlé fá'r thréig mé aiteas is suairc
Le cumha do dhiaidh ní léir dom an bealach a shiúl
is a chara mo chléibh, tá na farraigí 'dir mise is tú

Deireann lucht léinn gur cloíte an galar an grá
ní admhaigh mé go raibh sé 'ndiaidh mo chroí 'stigh a chrá
Aicíd ró-ghéar, faraor nár sheachnaigh mé í
Chuir sé arraing is céad go géar fríd cheartlár mo chroí

Casadh bean-tsí domh thíos ag Lios Bhéal an Áth'
is d'fhiafraigh mé díthe an scaoilfeadh glais ar bith grá
is dúirt sí os íseal i mbriathra soineanta sámh
Nuair a théann sé fán chroí ní scaoiltear as é go brách